Location: PHPKode > projects > VuFind > vufind-1.0.1/web/interface/themes/default/Help/ga/tag.tpl
<META HTTP-EQUIV="Content-Type" CONTENT="text/html; charset=utf-8">

Clibeáil

Is éard is clib ann ná eochairfhocal (ábhartha) a bhfuil baint aige le blúire faisnéise (mar phictiúr, alt nó ghearrthóg físe) nó a shanntar leis an mblúire sin, sa chaoi go ndéanann sé cur síos ar an mhír sin agus gur féidir rangú bunaithe ar eochairfhocail a dhéanamh ar an fhaisnéis lena mbaineann sé.

Is é an t-údar nó cruthaitheoir na míre a roghnaíonn an chlib go neamhfhoirmiúil de gnáth agus ní hiondúil go roghnaítear í mar chuid de scéim fhoirmiúil arna sainiú chun rangú a dhéanamh. Is iondúil a úsáidtear clibeanna i gcórais rangaithe Idirlíon atá dinimiciúil agus solúbtha agus a ngintear go huathoibríoch iad. Úsáidtear iad i gcomhair acmhainní ar líne mar chomhaid ríomhaireachta, leathanaigh gréasáin, íomhánna digiteacha agus i gcomhair leabharmharcanna Idirlín (i seirbhísí leabharmharcála sóisialta agus sa ghlúin nua bhrabhsálaithe idirlín - féach Flock). Ar an ábhar sin comhcheanglaíonn daoine “clibeáil” le Web 2.0.

Is iondúil go mbíonn clib amháin nó níos mó ag baint le mír mar chuid de bhogearra rangaithe nó de chóras rangaithe.  Soláthróidh an bogearra naisc le míreanna a bhfuil clib an eochairfhocail sin leo, nó fiú le bailiúcháin sainithe chlibeanna.  Ciallaíonn sé seo gur féidir a lán cosán brabhsála a bheith ann idir na míreanna agus gur féidir le riarthóir an bhailiúcháin iad a athrú go tapa, gan stró ar bith agus gan mórán pleanála a dhéanamh.

Ó Wikipedia
Return current item: VuFind